← Bhí sé ar a bhealach ar ais go Kathmandu, áit a raibh lámh aige i ngníomhaíochtaí éagsúla a dúirt sé: cairpéid, seálta pashmina, earraí páipéir. 🔊✎
← Duine acu seo a bhí ann, a dúirt sé, a bhí ábalta rud ar bith a chur chun somhaoine dó féin. 🔊✎
← Bhí an fuinneamh sin chomh géar agus a bhí ariamh, a dúirt sé , ach anois, bhí sé i bhfearas aige i gcúrsaí gnó. 🔊
← Bhí an-chuid earraíochta ar siúl aige sna ceantair seo fosta, a dúirt sé. 🔊✎
← "Nach ádhúil gur casadh ar a chéile sinn," a dúirt sé agus é ag cothú na tine le tuilleadh adhmaid chonnaidh. 🔊✎
← Bhí a fhios aige chomh luath agus a leag sé súil orm, a dúirt sé, gurb é ár gcinniúint é a bheith i mbeartas páirte lena chéile. 🔊✎
← Nuair a d'ordaigh mé an tríú buidéal leanna don tslogaire seo - bhí a chuid airgid féin, a dúirt sé, chóir a bheith reaite i ndiaidh dó díolaíocht a thabhairt dá chuid oibrithe anseo sna conic, ach in Kathmandu dhéanfadh sé an comhar a íoc liom faoi thrí. 🔊
← Dúirt mé leis nach raibh baol ar bith go nglacfadh an breallán seo lámh orm. 🔊✎
← Bhain sé na bonnaí as le bánú an lae, a dúirt bean an tí. 🔊✎
← Cé go raibh sé gaolta léi, a dúirt sí, is beag dáimh a bhí aici leis. 🔊
← Cha raibh fostaíocht ar bith aige, a dúirt sí, agus bhí an t-iomrá amuigh air gur ar bhuirgléireacht a bhí sé ag teacht i dtír. 🔊✎
← Bhí sé tugtha don ól ó bhí sé óg, a dúirt sí, agus chuir sé críoch fhliuch ar ar shaothraigh sé ariamh. 🔊✎